search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA cercato: '   déanfaidh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index    déanfaidh:

    CAIBIDIL I
    ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

    CAIBIDIL II
    GEATÓIRÍ

    CAIBIDIL III
    CLEACHTAIS NA NGEATÓIRÍ A CHUIREANN TEORAINN LE HINCHOIMHLINTEACHT NÓ ATÁ ÉAGÓRACH

    CAIBIDIL IV
    IMSCRÚDÚ MARGAIDH

    CAIBIDIL V
    CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN

    CAIBIDIL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas    déanfaidh:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 728

 

Airteagal 4

Athbhreithniú ar stádas geatóirí

1.   Féadfaidh an Coimisiún ar iarraidh a fháil nó ar a thionscnamh féin, cinneadh faoi ainmniú a glacadh de bhun Airteagal 3 a athmheas, a leasú nó a aisghairm tráth ar bith ar cheann de na cúiseanna seo a leanas:

(a)

tháinig athrú substaintiúil ar cheann ar bith de na fíorais ar bunaíodh an t-ainmniú orthu;

(b)

bunaíodh an cinneadh ainmniúcháin ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach.

2.   déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú rialta, agus gach 3 bliana ar a laghad, ar cé acu atá nó nach bhfuil na geatóirí ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 3(1) go fóill. Leis an athbhreithniú sin, scrúdófar freisin an gá an liosta de chroísheirbhísí ardáin an gheatóra a fheidhmíonn ceann ar cheann mar thairseach thábhachtach d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh, dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b), aleasú. Ní bheidh aon éifeacht fhionraitheach ag na hathbhreithnithe sin ar oibleagáidí an gheatóra.

Chomh maith leis sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú bliantúil ar a laghad ar cé acu a shásaíonn nó nach sásaíonn gnóthais nua a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige na ceanglais sin.

I gcás go gcinnfidh an Coimisiún, de bharr na n-athbhreithnithe de bhun na chéad fhomhíre, go bhfuil athrú tagtha ar na fíorais a raibh ainmniú na ngnóthas a bhí i mbun croísheirbhísí ardáin a sholáthar mar gheatóirí bunaithe orthu, glacfaidh sé cinneadh lena ndearbhófar, lena leasófar, nó lena n-aisghairfear an cinneadh ainmniúcháin.

3.   Foilseoidh an Coimisiún liosta geatóirí agus liosta na gcroísheirbhísí ardáin nach mór dóibh na hoibleagáidí a leagtar síos i gCaibidil III a chomhlíonadh ina leith agus tabharfaidh sé na liostaí sin cothrom le dáta ar bhonn leanúnach.

CAIBIDIL III

CLEACHTAIS NA NGEATÓIRÍ A CHUIREANN TEORAINN LE HINCHOIMHLINTEACHT NÓ ATÁ ÉAGÓRACH

Airteagal 7

Oibleagáid do gheatóirí maidir le hidir-inoibritheacht seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir

1.   I gcás go soláthraíonn geatóir seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9), déanfaidh sé feidhmiúlachtaí bunúsacha a sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir idir-inoibritheach le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir ó sholáthraí eile a thairgeann nó a bhfuil sé i gceist aige seirbhísí den sórt sin a thairiscint san Aontas, trí na comhéadain theicniúla riachtanacha nó réitigh chomhchosúla a éascaíonn idir-inoibritheacht a sholáthar, ar iarraidh, agus sin a dhéanamh saor in aisce.

2.   déanfaidh an geatóir ar a laghad na feidhmiúlachtaí seo a leanas dá dtagraítear i mír 1, idir-inoibritheach i gcás go soláthraíonn an geatóir féin na feidhmiúlachtaí sin dá úsáideoirí deiridh féin:

(a)

tar éis a liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9):

(i)

teachtaireachtaí téacs ó cheann go ceann idir beirt úsáideoirí aonair deiridh;

(ii)

íomhánna, teachtaireachtaí gutha, físeáin agus comhaid cheangailte eile a chomhroinnt trí chumarsáid ó cheann go ceann idir beirt úsáideoirí deiridh aonair.

(b)

laistigh de 2 bhliain ón ainmniú:

(i)

teachtaireachtaí téacs ó cheann go ceann idir grúpaí úsáideoirí aonair deiridh;

(ii)

íomhánna, teachtaireachtaí gutha, físeáin agus comhaid cheangailte eile a chomhroinnt trí chumarsáid ó cheann go ceann idir comhrá grúpa agus úsáideoir deiridh aonair;

(c)

laistigh de 4 bhliain ón ainmniú:

(i)

glaonna gutha ó cheann go ceann idir beirt úsáideoirí aonair deiridh;

(ii)

físghlaonna ó cheann go ceann idir beirt úsáideoirí aonair deiridh;

(iii)

glaonna gutha ó cheann go ceann idir comhrá grúpa agus úsáideoir aonair deiridh;

(iv)

físghlaonna ó cheann go ceann idir comhrá grúpa agus úsáideoir deiridh aonair.

3.   Caomhnófar an leibhéal slándála, lena n-áirítear an criptiú ó cheann go ceann, i gcás inarb infheidhme, a sholáthraíonn an geatóir dá úsáideoirí deiridh féin, ar fud na seirbhísí idir-inoibritheacha.

4.   Foilseoidh an geatóir tairiscint tagartha ina leagfar síos sonraí teicniúla agus téarmaí agus coinníollacha ginearálta idir-inoibritheachta lena seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir, lena n-áirítear na sonraí riachtanacha ar leibhéal na slándála agus an chriptithe ó cheann go ceann. Foilseoidh an geatóir an tairiscint tagartha sin laistigh den tréimhse a leagtar síos in Airteagal 3(10) agus déanfaidh sé é a nuashonrú i gcás inar gá.

5.   Tar éis fhoilsiú na tairisceana tagartha de bhun mhír 4, féadfaidh aon soláthraí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir atá ag tairiscint nó a bhfuil sé i gceist aige seirbhísí den sórt sin a thairiscint san Aontas, féadfaidh sé idir-inoibritheacht a iarraidh leis na seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir arna soláthar ag an ngeatóir. Féadfaidh iarraidh den sórt sin cuid de na feidhmiúlachtaí bunúsacha a liostaítear i mír 2 a chumhach, nó iad go léir. Comhlíonfaidh an geatóir iarraidh réasúnta ar bith ar idir-inoibritheacht laistigh de 3 mhí, tar éis dó an iarraidh sin a fháil, trí thús a chur le hoibriú na bhfeidhmiúlachtaí bunúsacha a iarraidh.

6.   Féadfaidh an Coimisiún, go heisceachtúil, ar iarraidh réasúnta ón ngeatóir, na teorainneacha ama maidir le comhlíonadh faoi mhír 2 nó 5 i gcás ina léiríonn an geatóir go bhfuil gá leis seo chun idir-inoibritheacht éifeachtach a áirithiú, agus chun an leibhéal riachtanach slándála a choimeád, lena n-áirítear criptiú ó cheann go ceann, i gcás inarb infheidhme.

7.   Beidh sé de shaoirse i gcónaí ag úsáideoirí deiridh seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir an gheatóra agus an tsoláthraí iarrthaigh seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a chinneadh cé acu a úsáidfidh siad na feidhmiúlachtaí bunúsacha idir-inoibritheacha a fhéadfaidh an geatóir a sholáthar de bhun mhír 1 nó nach n-úsáidfidh.

8.   Baileoidh an geatóir agus malartóidh sé leis an soláthraí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a dhéanann iarraidh ar idir-inoibritheacht sonraí pearsanta úsáideoirí deiridh amháin i gcás go bhfuil siad fíor-riachtanach chun idir-inoibritheacht éifeachtach a sholáthar. Comhlíonfaidh bailiúchán agus malartú sonraí pearsanta úsáideoirí deiridh den sórt sin Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE go hiomlán.

9.   Ní choiscfear ar an ngeatóir bearta a dhéanamh lena áirithiú go bhfuil soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir atá ag iarraidh idir-inoibritheachta ag cur shláine, shlándáil agus phríobháideachas a sheirbhísí i mbaol, ar choinníoll go bhfuil a leithéid de bhearta fíor-riachtanach agus comhréireach, agus go dtugann an geatóir údar cuí leo.

Airteagal 21

Iarrataí ar fhaisnéis

1.   Chun na dualgais atá air faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, a cheangal ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas gach faisnéis is gá a sholáthar. Féadfaidh an Coimisiún freisin, trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh, rochtain a cheangal ar aon sonraí nó algartaim de chuid gnóthas agus ar fhaisnéis maidir le tástáil, chomh maith le mínithe orthu a iarraidh.

2.   Nuair atá iarraidh shimplí ar fhaisnéis á cur chuig gnóthas nó chuig comhlachas gnóthas, déanfaidh an Coimisiún bunús dlí agus cuspóir na hiarrata a lua, sonróidh sé an fhaisnéis atá riachtanach agus socróidh sé an teorainn ama nach mór an fhaisnéis a sholáthar laistigh di, chomh maith leis na fíneálachadá bhforáiltear in Airteagal 30 is infheidhme as ucht faisnéis atá neamhiomlán, mícheart nó míthreorach a sholáthar.

3.   I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún de cheangal ar ghnóthais nó ar chomhlachais ghnóthas faisnéis a sholáthar le cinneadh, luafaidh sé cuspóir agus bunús dlí na hiarrata, sonróidh sé an fhaisnéis atá riachtanach agus socróidh sé an teorainn ama nach mór an fhaisnéis a sholáthar laistigh di. I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún de cheangal ar ghnóthais rochtain ar aon sonraí, algartaim agus faisnéis maidir le tástáil a sholáthar, luafaidh sé bunús dlí agus cuspóir na hiarrata, agus socróidh sé an teorainn ama nach mór í a sholáthar laistigh di. Léireoidh sé freisin na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 30 agus léireoidh sé nó forchuirfidh sé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 31. Léireoidh sé a thuilleadh an ceart go ndéanfadh an Chúirt Bhreithiúnais athbhreithniú ar an gcinneadh.

4.   déanfaidh na gnóthais nó na comhlachais ghnóthas nó a gcuid ionadaithe an fhaisnéis a iarraidh a sholáthar thar ceann an ghnóthais nó an chomhlachais ghnóthas lena mbaineann. Féadfaidh dlíodóirí arna n-údarú go cuí chun gníomhú an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcuid cliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh údaráis inniúla na mBallstát don Choimisiún an fhaisnéis go léir is gá atá ina seilbh chun na dualgais a shanntar dó leis an Rialachán seo a chur i gcrích.

Airteagal 23

Cumhachtaí chun cigireachtaí a dhéanamh

1.   Chun na dualgais atá air faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún na cigireachtaí uile is gá a dhéanamh ar ghnóthas nó ar chomhlachas gnóthas.

2.   Tá sé de chumhacht ag na hoifigigh agus ag daoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún cigireacht a dhéanamh:

(a)

dul isteach in áitreabh, talamh agus modh iompair gnóthais agus comhlachais gnóthas;

(b)

scrúdú a dhéanamh ar na leabhair agus ar na taifid eile a bhaineann leis an ngnó, gan beann ar an meán ar a stóráiltear iad;

(c)

cóipeanna de na leabhair nó na taifid sin nó sleachta astu a thógáil nó a fháil i bhfoirm ar bith;

(d)

ceangal a chur ar an ngnóthas nó ar an gcomhlachas gnóthas rochtain agus mínithe a sholáthar ar a eagrú, a fheidhmiú, córas TF, algartaim, cleachtais láimhseála sonraí agus cleachtais ghnó agus na mínithe arna dtabhairt a thaifeadadh nó a dhoiciméadú trí aon mhodh teicniúil;

(e)

aon áitreabh gnó agus leabhair agus taifid a shéalú don tréimhse agus a mhéid atá riachtanach le haghaidh na cigireachta;

(f)

a iarraidh ar aon ionadaí ón ngnóthas nó ón gcomhlachas gnóthas nó ar aon bhall foirne den ghnóthas nó den chomhlachas gnóthas mínithe a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir an iniúchta agus na freagraí a thaifeadadh trí aon mhodh teicniúil.

3.   Chun cigireachtaí a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún cúnamh ó iniúchóirí nó ó shaineolaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 26(2) a iarraidh, chomh maith le cúnamh ó údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) ar ina chríoch atá an chigireacht le déanamh.

4.   Le linn cigireachtaí, féadfaidh an Coimisiún, na hiniúchóirí nó na saineolaithe a cheapfaidh sé, agus údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6), ar ina chríoch atá an chigireacht le déanamh, a cheangal ar an ngnóthas nó ar an gcomhlachas gnóthas rochtain agus mínithe a thabhairt ar a eagraíocht, feidhmiú, córas TF, algartaim, láimhseáil sonraí agus iompar gnó. Féadfaidh an Coimisiún agus na hiniúchóirí nó na saineolaithe a cheapfaidh agus údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit, a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) ar ina chríoch atá an chigireacht le déanamh, ceisteanna a dhíriú ar aon ionadaí nó ar aon bhall foirne.

5.   déanfaidh na hoifigigh agus daoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún chun cigireacht a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird ina sonraítear ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 30 is infheidhme i gcás ina mbeidh táirgeadh na leabhar a éilítear nó na dtaifead eile a bhaineann leis an ngnó neamhiomlán nó i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh faoi mhíreanna 2 agus 4 den Airteagal seo mícheart nó míthreorach. In am trátha roimh an gcigireacht, tabharfaidh an Coimisiún fógra faoin gcigireacht d’údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) a fhorfheidhmiú ar ina chríoch atá an chigireacht le déanamh.

6.   Tá sé de cheangal ar ghnóthais nó ar chomhlachais ghnóthas géilleadh do chigireacht arna hordú le cinneadh ón gCoimisiún. Déanfar ábhar agus cuspóir na cigireachta a shonrú sa chinneadh sin, socrófar ann an dáta a chuirfear tús léi agus léireofar ann na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagail 30 agus 31 faoi seach, agus an ceart go ndéanfadh an Chúirt Bhreithiúnais athbhreithniú ar an gcinneadh sin.

7.   déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit, chomh maith leis na daoine sin arna n-údarú nó arna gceapadh ag údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit, a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) ar ina chríoch atá an chigireacht le déanamh, ar iarraidh ón údarás sin nó ón gCoimisiún, cúnamh gníomhach a thabhairt d’oifigigh an Choimisiúin agus do dhaoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún. Chun na críche sin, beidh na cumhachtaí a shonraítear i míreanna 2 agus 4 den Airteagal seo acu.

8.   I gcás inar léir do na hoifigigh agus do dhaoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún gur chuir gnóthas nó comhlachas gnóthas i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an cúnamh is gá dóibh, agus iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó a gcomhionann d’údarás forfheidhmithe i gcás inarb iomchuí, ionas go mbeidh siad ábalta a gcigireacht a dhéanamh.

9.   Más rud é, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta, go ceanglaítear leis an cúnamh dá bhforáiltear i mír 8 den Airteagal seo údarú a fháil ó údarás breithiúnach, déanfaidh an Coimisiún nó údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) nó oifigigh arna n-údarú ag na húdaráis sin iarratas ar an méid sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin mar bheart réamhchúraim freisin.

10.   I gcás ina ndéantar iarratas ar údarú, dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal, déanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta fíorú i dtaobh an bhfuil cinneadh an Choimisiúin barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha atá beartaithe treallach ná iomarcach ag féachaint d’ábhar na cigireachta. Agus comhréireacht na mbeart comhéigneach á rialú aige, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar an gCoimisiún, go díreach nó trí údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6), mínithe mionsonraithe a thabhairt go háirithe ar na forais atá ag an gCoimisiún le drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo, chomh maith le tromchúis an tsáraithe amhrasta agus cineál rannpháirtíochta an ghnóthais lena mbaineann. Mar sin féin, ní fhéadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta an gá atá leis an gcigireacht a thabhairt faoi cheist ná ní fhéadfaidh sé an fhaisnéis atá i gcomhad an Choimisiúin a éileamh dó féin. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh an Choimisiúin faoi réir a hathbhreithnithe ach ag an gCúirt Bhreithiúnais.

Airteagal 26

Faireachán ar oibleagáidí agus ar bhearta

1.   déanfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí riachtanacha a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach agus ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 agus na gcinntí a glacadh de bhun Airteagail 8, 18, 24, 25 agus 29. D’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin go háirithe oibleagáid a fhorchur ar an ngeatóir gach doiciméad a choinneáil a mheastar a bheith ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na n-oibleagáidí agus na gcinntí sin agus ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí agus na gcinntí sin.

2.   Is féidir go n-áireofar leis na gníomhaíochtaí de bhun mhír 1 saineolaithe agus iniúchóirí neamhspleácha seachtracha, chomh maith le hoifigigh ó údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát a cheapadh, chun cabhrú leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar na hoibleagáidí agus ar na bearta agus chun saineolas nó eolas ar leith a sholáthar don Choimisiún.

Airteagal 28

Feidhm chomhlíonta

1.   Tabharfaidh geatóirí feidhm chomhlíonta isteach atá neamhspleách ar fheidhmeanna oibríochtúla an gheatóra agus ina mbeidh oifigeach comhlíontachta amháin nó níos mó, lena n-áirítear ceann na feidhme comhlíonta.

2.   Áiritheoidh an geatóir go bhfuil údarás, stádas agus acmhainní leordhóthanacha ag an bhfeidhm chomhlíonta dá dtagraítear i mír 1, chomh maith le rochtain ar chomhlacht bainistíochta an gheatóra chun faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a gcomhlíonann an geatóir an Rialachán seo.

3.   Áiritheoidh comhlacht bainistíochta an gheatóra go mbeidh na cáilíochtaí gairmiúla, an t-eolas, an taithí agus an inniúlacht is gá ag oifigigh chomhlíontachta arna gceapadh de bhun mhír 1 chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 5 a chomhall.

Áiritheoidh comhlacht bainistíochta an gheatóra freisin gur bainisteoir sinsearach neamhspleách é an ceann sin ar a bhfuil freagracht ar leith as an bhfeidhm chomhlíonta.

4.   Tuairisceoidh ceann na feidhme comhlíonta go díreach chuig comhlacht bainistíochta an gheatóra agus féadfaidh sé ábhair imní a chur in iúl agus rabhadh a thabhairt don chomhlacht sin i gcás ina dtagann baol chun cinn nach mbeadh an Rialacháin seo á chomhlíonadh, gan dochar d’fhreagrachtaí an chomhlachta bainistíochta i dtaca lena fheidhmeanna maoirseachta agus bainistíochta.

Ní bhainfear ceann na feidhme comhlíonta gan formheas roimh ré ó chomhlacht bainistíochta an gheatóra.

5.   Beidh na cúraimí seo a leanas ar oifigigh chomhlíontachta arna gceapadh ag an ngeatóir de bhun mhír 1:

(a)

eagrú, faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar bhearta agus gníomhaíochtaí na ngeatóirí a bhfuil sé mar aidhm leo comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú;

(b)

bainistíocht agus fostaithe an gheatóra a chur ar an eolas faoi chomhlíonadh an Rialacháin seo agus comhairle a chur ar fáil ina leith sin;

(c)

i gcás inarb infheidhme, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngealltanas arna ndéanamh ceangailteach de bhun Airteagal 25, gan dochar do chumas an Choimisiúin saineolaithe seachtracha neamhspleácha a cheapadh de bhun Airteagal 26(2);

(d)

comhoibriú leis an gCoimisiún chun críche an Rialacháin seo.

6.   déanfaidh na geatóirí ainm agus sonraí teagmhála cheann na feidhme comhlíonta a chur in iúl don Choimisiún.

7.   déanfaidh comhlacht bainistíochta an gheatóra sainiú agus formhaoirseacht ar chur chun feidhme shocruithe rialachais an gheatóra agus beidh sé cuntasacht as, ar socruithe iad lena n-áirithítear neamhspleáchas na feidhme comhlíonta, lena n-áirítear ilroinnt freagrachtaí in eagrú an gheatóra agus i gcosc coinbhleachtaí leasa.

8.   Formheasfaidh an comhlacht bainistíochta agus athbhreithneoidh sé go tréimhsiúil, uair sa bhliain ar a laghad, na straitéisí agus na beartais chun dul i mbun an Rialacháin seo agus chun bainistiú agus faireachán agus a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo.

9.   Caithfidh an comhlacht bainistíochta a dhóthain ama le bainistiú agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo. Glacfaidh sé páirt ghníomhach i gcinntí a bhaineann le bainistiú agus forfheidhmiú an Rialacháin seo agus áiritheoidh sé go leithdháilfear acmhainní leordhóthanacha air.

Airteagal 40

An grúpa ardleibhéil

1.   Bunóidh an Coimisiún grúpa ardleibhéil le haghaidh an Ghnímh um Margaí Digiteacha (“an grúpa ardleibhéil”).

2.   Beidh an grúpa ardleibhéil comhdhéanta de na comhlachtaí agus gréasáin Eorpacha seo a leanas:

(a)

Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach,

(b)

an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí,

(c)

an Gréasán Eorpach Iomaíochta,

(d)

an Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí, agus

(e)

Grúpa Eorpach Rialála Rialálaithe na Meán Closamhairc.

3.   Beidh an líon comhionann ionadaithe sa ghrúpa ardleibhéil ag gach comhlacht agus gréasán Eorpach dá dtagraítear i mír 2. Ní mó ná 30 a bheidh líon uasta comhaltaí an ghrúpa ardleibhéil.

4.   déanfaidh an Coimisiún seirbhísí rúnaíochta a sholáthar don ghrúpa ardleibhéil chun a chuid oibre a éascú. Is é an Coimisiún, a bheidh rannpháirteach i gcruinnithe an ghrúpa ardleibhéil, a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an ngrúpa sin. Tiocfaidh an grúpa ardleibhéil le chéile arna iarraidh sin ag an gCoimisiún ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana féilire. Tionólfaidh an Coimisiún freisin cruinniú an ghrúpa nuair a iarrfaidh tromlach na gcomhaltaí dá bhfuil an grúpa comhdhéanta sin air chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist shonrach.

5.   Féadfaidh an grúpa ardleibhéil a sholáthar don Choimisiún comhairle agus saineolas sna réimsí a thagann laistigh d’inniúlachtaí a chomhaltaí, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

comhairle agus moltaí laistigh dá réimsí saineolais atá ábhartha i dtaca le haon ábhar ginearálta cur chun feidhme nó forfheidhmithe an Rialacháin seo; nó

(b)

comhairle agus saineolas a chuireann cur chuige rialála comhsheasmhach chun cinn thar ionstraimí rialála éagsúla.

6.   Na hidirghníomhaíochtaí atá ann faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ann idir an Rialachán seo agus na rialacha a bhaineann go sonrach le hearnáil- ar leith a chuireann na húdaráis náisiúnta dá bhfuil na comhlachtaí agus gréasáin Eorpacha dá dtagraítear i mír 2 comhdhéanta i bhfeidhm, féadfaidh an grúpa ardleibhéil iad sin, go háirithe, a shainaithint agus a mheasúnú agus tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena gcuirfí an measúnú sin i láthair agus lena sainaithneofaí saincheisteanna tras-rialála a d’fhéadfadh a bheith ann. Féadfaidh moltaí a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin lena ndíreofaí ar dhul i dtreo cuir chuige agus sineirgí comhsheasmhacha trasdisciplíneacha idir cur chun feidhme an Rialacháin seo agus rialacháin earnála eile. Cuirfear an tuarascáil in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

7.   I gcomhthéacs imscrúduithe margaidh ar sheirbhísí nua agus ar chleachtais nua, féadfaidh an grúpa ardleibhéil saineolas a sholáthar don Choimisiún maidir leis an ngá atá le cur le rialacha sa Rialachán seo, iad a leasú nó iad a bhaint, chun a áirithiú go bhfuil margaí digiteacha ar fud an Aontais inchoimhlinte agus cothrom.


whereas









keyboard_arrow_down